Scott Pilgrim ar fáil sa Ghaeilge

admin admin | 09-05 00:15

Tá foilsitheoir nua ar an mbloc. Gliadar is ainm dó agus tá sé dírithe ar bhearna sa mhargadh do dhéagóirí agus aosaigh óga a líonadh. Chuige sin tá leagan Gaeilge den úrscéal grafach Scott Pilgrim foilsithe acu.

A dheacair is atá sé an rud ceart a rá.

Céard is Scott Pilgrim ann?

Is sraith leabhar spleodrach é Scott Pilgrim. Is é croí agus crotal an scéil Scott féin, fear óg leibideach atá ina chónaí in Toronto, Ceanada. Tá sé ag siúl amach le cailín amháin, Knives Chau, ach de réir a chéile, tosaíonn bean áirithe, Ramona Flowers, nach fios cé hí, ag teacht i láthair ina chuid bhrionglóidí.

Níl a fhios ag Scott cé hí ach ba mhaith leis bualadh léi. Buaileann sé léi ar deireadh thiar agus bíonn sé splanctha ina diaidh. Chun gur féidir leis siúl amach léi, ní mór dó an caidreamh le Knives a chur ar ceal. Ach bhí fadhbanna ag Ramona agus tá a sliocht uirthi. Tá iar-leannáin de chuid Ramona in éad le Scott agus ní mian leo go mbeadh sé ag siúl amach léí. Déanann siad a ndícheall chun a gcaidreamh a chur ó mhaith. Ní mór do Scott an seachtar iar-leannán olc a throid agus a threascairt chun gur féidir leis siúl amach le Ramona.

An t-aistriúchán Gaeilge:

Tá na leabhair ar fad aistrithe go Gaeilge. Aistríodh agus athdhearadh 600 íomhá go Gaeilge. Rinne an t-ealaíontóir Katelyn McKenna athdhearadh ar na focail atá le feiceáil sna pictiúir sna leabhair. Dá bharr, tá na leabhair ag cur thar maoil le híomhánna Gaeilge agus tumtar an léitheoir i dtimpeallacht lán-Ghaeilge. Níl a mhacasamhail le fáil sa teanga.

Fuathaitheoirí 1, Scott 0.

Sa tsraith, tá thrí himleabhar agus 1,212 leathanach san iomlán. Tá na leabhair daite go craicneach agus dá bharr tá na leabhair spleodrach agus lán le híomhánna gleoite.

Ag líonadh bearna i litríocht na Gaeilge:

Níl dóthain ábhair ann i nGaeilge do dhaoine atá 16 bliana d'aois agus níos sine. Tá neart leabhair, bréagáin, éadaí, cluichí, físeáin agus cláir teilifíse i nGaeilge ann do leanaí agus déagóirí óga ach níl a ndóthain ann do dhaoine atá go déanach sna déaga agus fichidí. Tá sraith iomlán curtha ar fáil ag Gliadar chun mianta léitheoireachta na haois-aicme úd a shásamh.

Cruthaitheoirí an leagain Ghaeilge:

Seanán Ó Coistín, as Cill Choca Contae Chill Dara, an t-aistritheoir. Bhain sé céim sa Stair, Polaitíocht agus Staidéir Chomhdhaonnacha amach in Ollscoil Luimnigh mar aon le hArd-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán ó hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Chaith sé seal ag obair mar aistritheoir Gaeilge i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg ag aistriú reachtanna agus cáipéisí eile nach léann aon duine. Is maith leis ríomhchláir a aistriú go Gaeilge agus tá ar a chumas sé theanga a labhairt.

Seanán Ó Coistín.

Is as Calgary in Alberta, Ceanada don clóeagarthóir, Brian Mac Giolla Mhuire. Tá grá mór aige don Ghaeilge agus ghlac sé páirt san fhoireann a chuir an leagan Gaeilge den chluiche mór le rá "Among Us", ó Innersloth, ar fáil. Tá dochtúireacht san imdhíoneolaíocht á críochnú aige in Ollscoil Oslo, áit a bhfuil cónaí air faoi láthair.

Brian Mac Giolla Mhuire.

Katelyn McKenna an t-ealaíontóir. Dearthóir grafaicí agus maisitheoir ó na Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin í agus cónaí uirthi i mBeirlín na Gearmáine anois. Rinne sí staidéar ar Amharc-chumarsáid sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath agus ó shin, is le dearadh léaráidí a bhfuil sí ag caitheamh a saol. Faigheann sí tinfeadh dá healaíon ó cheol, imeachtaí atá ag tarlú, agus ó na gnáthimeachtaí a tharlaíonn go laethúil a bheireann ar a haird. Tá súil ghéar aici don dúlra, ailtireacht, daoine agus a gcuid scéalta.

Katelyn McKenna.

Tá leabhrán nathanna bunaithe ar chora cainte a fhaightear sa tsraith Scott Pilgrim le fáil freisin. Is é Cora Cainte Den Scoth teideal an leabhráin. Ins an leabhrán úd, tá díolaim nathanna dúchasacha agus cora cainte Gaeilge ar féidir le daltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile leas a bhaint astu ina gcuid scrúduithe. Ní gá do dhaoine ach líon beag nathanna a fhoghlaim agus iad a scríobh nó a rá sna scrúduithe.

Daoine cineálta. Nach iad is measa?

Tá Caibidil 1 den chéad imleabhar atá le fáil in aisce anseo.

Tuilleadh eolais le fáil ag Gliadar, agus www.katelynmckenna.com

Disclaimer: The copyright of this article belongs to the original author. Reposting this article is solely for the purpose of information dissemination and does not constitute any investment advice. If there is any infringement, please contact us immediately. We will make corrections or deletions as necessary. Thank you.


ALSO READ

KSE-100 index closes at 81,459.29, up 997.95 points as investor optimism drives market

The Pakistan Stock Exchange (PSX) experienced a surge in investor optimism on Thursday, as the bench...

Gold prices in Pakistan reach new record of Rs268,500 per tola

Following a decline in the previous session, gold prices in Pakistan experienced a significant incre...

Number of clinical health staff increasing - Health NZ

Health officials have been marking the growth in the number of full-time clinical roles as evidence ...

Hazard mapping has 'chilling effect' on Nelson property market

Proposed hazard maps for Nelson are allegedly preventing properties across the city from being insur...

Woman called 'bad mum' after chasing down child stealer

A woman who stole an 18-month-old baby told the girl's mother she didn't deserve children when confr...

'Weak' case against diabetic driver thrown out by Australian court

A magistrate has criticised prosecutors as he threw out their "weak" case against a diabetic driver ...