Briogáid Duffer ag iarraidh an sraith a thabhairt go Shels


Tá trí chluiche fágtha ag bainisteoir Damien Duff chun é fhéin a athrú ó laoch – go naomh! An éireoidh leis an sár-imreoir seo a ainm a bheith ina airde mar sár-bhainisteoir? Nesofaidh an aimsir!

Sealbhóir ticéid shéasúrach agus dian-tacaitheoir Shelbourne FC is ea Donnchadh Mac Aogáin. Díríonn sé anseo ar an deis atá ag an chlub an sraith a thabhairt leo i mbliana.

Matty Smith Shelbourne tar éis scóráil i gcoinne Bohemians an mhí seo caite.


Tháinig peil Eorpach ar ais go Tolka Park den chéad uair in ocht mbliana déag i 2024. Chomh maith leis sin tá Shelbourne FC san iomaíocht don tsraith don chéad uair ó 2006 agus tá an grá agus an dílseacht ón lucht féachana chomh hard is a bhí riamh.

Tá trí chluiche fágtha ag bainisteoir Damien Duff chun é fhéin athrú ó laoch – go naomh!

Níor mhair ceiliúradh na sraithe 2006 fada. As an bpáirc bhí an club trína chéile; i bhfiacha troma agus bhí na himreoirí ag dul le tamall gan pá. Dícháilíodh Shels agus níl siad ach ag teacht ar ais chucu féin anois le infheistíocht nua agus iad faoi stiúir Duffer.

Captaen na Deargaigh, Mark Coyle.

Nuair a d'ardaigh Owen Heary corn na sraithe ocht mbliana déag ó shin, bhí 1,690 ar an meán de lucht féachana ag freastal ar Tolka Park. I mbliana, bhí na sluaite ar an meán ardaithe go 4,209. Is é comóradh céad bliain é 2024 de Tolka Park mar staid peile.

Tógadh an balla ar thaobh Bóthar Richmond ag athaireacha Johnny Giles agus Eamonn Dunphy!

Seasann sé fós ach bhí baol go leagfaí Tolka ina iomlán agus go mbeadh Shelbourne ag roinnt Dalymount Park le Bohemians. Scair an plean seo tacathóirí an chlub ón mbord bainistíochta. Le tacú ó Duffer, thiontaigh an chlub agus i mbliana shínigh siad léas 250 bliain ar Tolka Park.

Tá an eachtra seo tar éis an lucht tacaíochta a threisiú agus tá dóchas le blaiseadh san aer arís. Is é seo an tríú shéasúr faoi cheannasaíocht Duff agus Joey O’Brien. Tá dul chun cinn feicithe chuile bhliain. I 2022 d’fhan Shels saor ó thrioblóid an dícháilithe agus shroicheadar craobh an FAI Cup.

I 2023 d’éirigh leo an cheathrú háit agus peil Eorpach a bhaint amach. Spreag sé seo spiorad na dtacadóirí go mór.

Duff agus a fhoireann ag éisteacht le hóráid ón gcaptaen tar éis cailliúint do Shamrock Rovers.

Tá glúin nua de lucht leanúna nach bhfaca Shels san Eoraip roimh ré an Duffaigh. Agus anois, le trí chluiche le dul, tá Shelbourne suite ar barr na sraithe - bearna de dhá phointe idir iad féin, Derry City agus Shamrock Rovers. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil áfach. Tá Will Jarvis (Hull City) agus Gavin Molloy (Aberdeen) caillte ag na Deargaigh agus leo siúd imithe, thosaigh sleamhnú sna taispeántais agus laghdaíodh an bearna a bhí ag Shels ar an bhfreasúra.

Faoi láthair, tá seans fós ag leath den tsraith an léig a bhuachaint de réir na matamaitice! Mar sin tá lucht féachana Shelbourne ag súil go mbeidh siad in ann teacht ar dhraíocht éigin chun athbheochan a fháil Dé hAoine; go dtosnóidh an bacach ag rith arís.

Ar bhealach tá scéal an tséasúir 2024 ar nós rás trí-chosach ar lá sport scoile!

Chuille huair go raibh an chuma ar an scéal go raibh foireann chun cinn, titeadh siad i gcarnán seafóideach os comhair an tslua. É sin raite, ní féidir leat do shúile a bhaint ón tseafóid! Tá uimhreacha breathnóireachta ag dul in airde idir teilifís agus lucht féachana beo – agus i lár an ghoirt, tá Duffer ann mar mháistir sorcais.

Ardófar corn na sraithe na hÉireann 2024 thart ar a deich a chlog ar an 1ú lá de Mhí na Samhna. B’fhéidir i mBaile Átha Cliath, Doire nó fiú i nGaillimh.

We need your consent to load this comcast-player contentWe use comcast-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bua nó dua atá sa todhchaí do lucht leanúna Shelbourne; an Bhriogáid Dhearg. Ach pé toradh a bheas ann, tuigeann siad cad atá déanta ag Damien Duff dóibh. Tuigeann siad go bhfuil siad anois ag breathnú ar ré úr, le dóchas nach raibh ann le glúin anuas.

Ag tosú Dé hAoine bheag seo, in aghaidh Waterford FC, tá seans ag foireann Shelbourne iad fhéin a dhéanamh ina laochra finscéalaíochta; mar bhaill de Bhriogáid Duffer.

Disclaimer: The copyright of this article belongs to the original author. Reposting this article is solely for the purpose of information dissemination and does not constitute any investment advice. If there is any infringement, please contact us immediately. We will make corrections or deletions as necessary. Thank you.


ALSO READ

Ocean Conservation Gains Strong Support from the Blockchain Market through BOC

The Importance of Marine EcosystemsCarbon Sink: The ocean is one of the Earth's most vital carbon si...

Pakistani tech firms sign major agreements at Dubai’s GITEX exhibition

Pakistan’s Ambassador to the UAE Faisal Niaz Tirmizi and exhibitors at the GITEX exhibition in Dubai...

SBP reserves rise above $11b after 2-1/2 years

KARACHI: Pakistan’s foreign exchange reserves, held by the State Bank of Pakistan (SBP), surged past...

FBR halts chasing shadows

ISLAMABAD: The government on Thursday delayed the implementation of its initiative aimed at checking...

Oil industry denounces restrictive fuel pricing

ISLAMABAD: The oil industry has aired serious concern over what it says is restrictive pricing of mo...

Benches at Auckland park removed after indecent acts, objects thrown

Two park benches at a popular sports park in south Auckland will be removed after complaints of anti...