An Lowdown ag Tráchtaire Raidió na Gaeltachta Damien Ó Dónaill

Damien Ó Dónaill Damien Ó Dónaill | 05-31 00:16

Bímid ar fad ag braith ar an tráchtaire spóirt le cur síos a dhéanamh ar an aicsean - ach go háirithe ar an raidió chun na híomhánna a chur inár gcinn. Caidé mar sin an réiteach, an tallann agus an t-eolas gur gá bheith agat?

Cad é mar a mhothaíonn sé a bheith ag obair mar thráchtaire spóirt?

"Ar an chéad dul síos, is mór an onóir atá ann a bheith ag obair mar thráchtaire spóirt. Bíonn an suíochán is fearr sa teach agat agus faigheann tú an deis tráchtaireacht a dhéanamh ar an spórt is fearr leat. Ach leis an pribhléid agus an onóir sin tagann cúraimí fosta agus tá go leor ag baint le bheith i do thráchtaire spóirt ina measc laethanta fada, taisteal, taighde, réamhullmhúcháin, trealamh agus teicneolaíocht éagsúla agus uaireanta oibre neamhshóisialta."

"...i bhfad níos deacra tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche club - ar thaobh na páirce gan eolas ceart na bhfoirne agat i gcomparáid le Cluain Eois nó Páirc an Chrócaigh, na háiseanna iontacha agus na foirne agat cruinn ceart."

"Is iomaí cóisir, ócáid teaghlaigh agus rl a chailleann tú amach orthu mar gheall ar a bheith ag obair ag an deireadh seachtaine. Deirim i gcónaí go bhfuil sé i bhfad níos deacra tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche club - tú ar thaobh na páirce agus gan eolas ceart na bhfoirne agat i gcomparáid le bheith i gCluain Eois nó i bPáirc an Chrócaigh agus na háiseanna iontacha a bhíonn curtha ar fáil duit agus na foirne agat cruinn ceart."

Evanne Ní Chuilinn, Tomás Ó Sé, Gary Brennan agus Damien i mbun ainilíse, Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2023 le RTÉ Sport

An bhfuil nósanna áirithe agat roimh cluichí?

"Braitheann sé sin ar an sórt cluiche agus an méid oibre atá de dhíth ach tá rud amháin a dhéanaim i gcónaí agus sé sin a bheith in am. Más cluiche mór ar a mbeidh slua mór i láthair, is maith liom an áit a bhaint amach ar i laghad 2 uair roimh thús an cluiche."

"Is féidir le go leor a dhul contráilte le trealamh, cúrsaí tráchta agus rl mar sin a luaithe agus a bhaineann tú an láthair amach is fearr sin. Bím neirbhíseach muna mbím ann in am agus muna mbíonn mo chuid réamhullmhúcháin agus taighde déanta agam ar chluiche."

"Nuair atá mé in am, an trealamh socruithe agus mé ceangailte leis an stiúideo, an taighde déanta agus na foirne ar eolas agam, fágann sin ar mo chompord mé agus réidh le tabhairt faoin tráchtaireacht."

Le Coman Goggins i bPáirc an Chrócaigh i mbun clúdach Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2018

Cé na cluichí a sheasann amach duit ar a ndearna tú tráchtaireacht orthu?

"Tá an t-ádh orm go bhfuil an oiread deiseanna faighte agam le tráchtaireacht a dhéanamh ar chluichí móra. Seasann cúpla ceann amach, mo chéad Cluiche Ceannais Uladh i 2016, Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2018 nuair nach raibh mé ach 26 bliain d'aois, Cluiche Ceannais Club Uladh i 2018 nuair a bhain Gaoth Dobhair Craobh Uladh agus bhain mé sult ollmhór as Cluiche Ceannais Uladh na bliana seo nuair a bhain Dún na nGall an Anglo Celt i ndiaidh am breise agus ciceanna pionóis."

"Tá rud amháin eile a sheasann amach agus sé sin na daoine a fhaigheann tú an deis oibriú leo agus aithne a chur orthu mar chuid den phost. Cuid acu a bhí ina laochra agam féin ag éirí aníos dom. Faigheann tú an deis fosta cuairt a thabhairt ar chuid de na ceantair is deiseanna in Éirinn leis an obair, mar a bheas ag tarlú an deireadh seachtaine seo agus mé ag tarraingt ar Chill na Martra i gCorcaigh do Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta."

Feicim Wally ach cá bhfuil Damien?

An bhfuil comhairle agat do dhaoine óga?

"Tá roinnt rudaí a mholfainn. A bheith ullmhaithe, a bheith in am do chluichí, do chuid taighde a dhéanamh, an téarmaíocht a bheith ar eolas agat, suim a bheith agat sa spórt agus meas a bheith agat ar an phost. Ní achan duine a fhaigheann an deis agus tá an pobal éisteachta agus féachana ag cur muinín sa tráchtaire eolas chruinn ceart a chur ar fáil daofa."

"Cosúil leis na himreoirí, bíonn laethanta maithe agus laethanta olca ag tráchtairí spóirt ach má tá do chuid réamhoibre déanta agat, is lú droch laethanta a bheas agat mar thráchtaire. Bain sult as."

Beidh Damien agus baill foirne spóirt uilig Raidió na Gaeltachta i mbun tráchtaireachta ar na haon chluiche de chuid Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 óna 11 maidin Shatharn go dtí an críoch tráthnóna Luain.

Disclaimer: The copyright of this article belongs to the original author. Reposting this article is solely for the purpose of information dissemination and does not constitute any investment advice. If there is any infringement, please contact us immediately. We will make corrections or deletions as necessary. Thank you.


ALSO READ

KSE-100 index closes at 81,459.29, up 997.95 points as investor optimism drives market

The Pakistan Stock Exchange (PSX) experienced a surge in investor optimism on Thursday, as the bench...

Gold prices in Pakistan reach new record of Rs268,500 per tola

Following a decline in the previous session, gold prices in Pakistan experienced a significant incre...

Number of clinical health staff increasing - Health NZ

Health officials have been marking the growth in the number of full-time clinical roles as evidence ...

Hazard mapping has 'chilling effect' on Nelson property market

Proposed hazard maps for Nelson are allegedly preventing properties across the city from being insur...

Woman called 'bad mum' after chasing down child stealer

A woman who stole an 18-month-old baby told the girl's mother she didn't deserve children when confr...

'Weak' case against diabetic driver thrown out by Australian court

A magistrate has criticised prosecutors as he threw out their "weak" case against a diabetic driver ...